Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl le linn dheireadh seachtaine na Cincíse idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh, 2025. Cúig chomórtas ar fad a imreofar ag Comórtas Peile na Gaeltachta i nGaeltacht Ráth Chairn i mbliana – Comórtais Shóisear agus Shinsear na bhFear chomh maith le Comórtais Shóisear, Idirmheánach agus Shinsear na mBan.